2 Kings 15:2 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Sé blíadhna déug daois bhí sé a núair do thosnigh sé a ríghe, agus do bhí na rígh dhá bhlíadhuin déug agus da fhithchiod ann Ierusalem. Agus do bé ainm a mhathar Iecholiah ó Ierusalem.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Bhí sé sé bliana déag d' aois nuair a tháinig sé i gcoróin, agus bhí sé dhá bhliain déag is daichead ina rí in Iarúsailéim. Iacoiliá, ó Iarúsailéim, ab ainm dá mháthair.