2 Kings 16:14 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do rug sé leis mar an gcéadna an naltóir phráis, do bhí a lathair an TIGHEARNA, ó éadan an tighe, ó eidir an naltóir agus tigh an TIGHEARNA, agus do chuir sé air an ttáoibh thuáigh do naltóir í.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
An altóir chré-umha a bhí os comhair an Tiarna, thóg sé chun siúil í ó thosach an Teampaill, mar a raibh sí idir an altóir [nua] agus Teampall an Tiarna, agus chuir ar an taobh thuaidh den altóir [nua] í.