2 Kings 18:12 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Do bhrígh nar umhluigheadar do ghlór a TTIGHEARNA Dé, áchd gur sháruigheadar a chunnradh, agus a nuile ní dár aithin Máoise searbhfhoghantuigh an TIGHEARNA dhíobh, agus nar bháill leó a ccluinsion, nó a ndéanamh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Tharla sin mar nár ghéill siad do ghlór an Tiarna a nDia, agus gur sháraigh siad a chonradh, agus nár thug siad cluas do gach ar ordaigh Maois, searbhónta an Tiarna, agus go raibh siad easumhal dó.