2 Kings 19:23 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Led theachduibh do aithisigh tú an TIGHEARNA, agus a dubhairt tú, Le hiomad mo charbad tháinic mé a níos a mulluighibh na slíabh, go táobhuibh Lebanon, agus géarrfa mé síos a crainn árrachda Cédar, agus togha a crann gciumhuis: agus racha mé a steach go lóistínibh a imil, agus go foraóis a Charmel.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Thug tú aithis don Tiarna trí do theachtairí; dúirt tú: Le mo shluaite carbad ghabh mé suas ar bheanna na sléibhte, ar bheanna buaice na Liobáine. Ghearr mé anuas na céadair is airde ann, tógha a chufróg. Ghabh mé isteach ina ascaillí cúil agus i ndoimhne a fhoraoise.