2 Kings 19:4 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Do bféidir go ccluinfeadh do THIGHEARNA Día bríathra Rabsaceh uile, noch do chuir rígh na Hassíria a mháighistir daithiseadh an Dé bhí; agus go nimdheargfadh na bríathra noch do chúala do THIGHEARNA Día: uimesin tóg súas do ghuidhe ar son an nfuighill do fágbhadh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Go gcluine an Tiarna do Dhia briathra uile an phríomhchornaire a chuir a mháistir, rí na hAsaíre, chun masla a thabhairt do Dhia beo, agus go ndéana an Tiarna do Dhia na briathra a chuala sé a agairt. Cuir suas do ghuí dá bhrí sin ar son an iarmhair atá fágtha.'»