2 Kings 22:19 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Do bhrigh go raibh do chroidhe máoth, agus gur umhluigh tú thú féin a lathair an TIGHEARNA, a nuáir do chúala tú cred do labhair misi a naghaidh na háitesi, agus a nagháidh a haitreabhach, go mbéidis na bhfásach agus na mallachduin, agus gur réub tú héadach, agus gur ghuil tú am fhíadhnuise; do chúala misi mar an gcéadna thú, a deir an TIGHEARNA.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ach de bhrí go bhfuil aithrí i do chroí agus gur umhlaigh tú thú féin os comhair an Tiarna nuair a chuala tú cad a chinn mé in aghaidh na háite seo agus a lucht cónaithe, conas mar a bheidh siad ina gceap uafáis agus mallacht; agus de bhrí gur stróic tú d' éidí agus gur ghoil tú i mo láthair, thug mise cluas duit sé an Tiarna atá ag caint.