2 Kings 23:2 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do chúaidh an rígh súas go tigh an TIGHEARNA, agus daóine Iúdah uile agus uile áitreabhuigh Ierusalem maille ris, agus na sagairt, agus na fáighe, agus an phobal uile, beag agus mór: agus do léigh sé iona cclúasaibh uile bhríathra leabhair an chunnartha noch fríth a ttigh an TIGHEARNA.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Chuaigh an rí suas go Teampall an Tiarna mar aon le pobal uile Iúdá agus muintir Iarúsailéim ar fad, idir shagairt agus fháithe agus an pobal ar fad idir uasal agus íseal. Léigh sé amach in éisteacht a gcluas gach focal dá raibh scríofa i leabhar an chonartha a fuarthas i dTeampall an Tiarna.