2 Kings 23:6 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus thug sé amach an garrán ó thigh an TIGHEARNA, taobh amuich do Ierusalem, go habhuinn Cídron, agus do loisg ag abhuinn Cídron é, agus do rinne lúaithreadh dhe, agus do chaith an lúaithreadh ar uáighibh chloinne an phobail.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Thug sé an tAiséará amach as Teampall an Tiarna, lasmuigh de Iarúsailéim, go Gleann Chidreon, agus dhóigh sé é i nGleann Chidreon, agus rinne luaithreach de agus chaith a chuid luaithrigh ar uaigheanna na cosmhuintire.