2 Kings 25:17 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Do bé áirde éan philéir amháin ochd ccubhaid déug, agus budh phrás an clúdadh do bhí air: agus do bé áirde an chlúduigh trí cubhaid; agus do bhí an líonobair fhighte, agus an pomegranat ar an gceann tímchioll fa ccuairt, uile do phrás: agus do bhí a leitheid so air an dara piléar gun a obair fhighte.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Bhí aon cholún amháin ocht mbanlámh déag ar airde agus bhí mullach cré-umha air; trí bhanlámh airde an mhullaigh; timpeall an mhullaigh bhí fíolagrán agus pomagránaití, agus iad go léir de chré-umha. Ba é an scéal céanna é ag an dara colún lena fhíolagrán.