2 Kings 3:14 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus a dubhaírt Elisa, Mar mhairios TIGHEARNA na slógh, da lathair a seasuim, muna bhféuchuinn go deimhin, do Iehosaphat rígh Iúdah do bheith a lathair, ní fhéuchuinn leath riotsa, agus ní fhaicfhinn tú.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
D' fhreagair Eilíseá: «Dar Tiarna beo na Slua, an té dá bhfónaim, mura mbeadh go bhfuil urraim agam do Iahóiseáfát, rí Iúdá, ní thabharfainn aon aird ort ná fiú féachaint i do threo.