2 Kings 3:21 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus a núair do chúaladar na Moabitígh uile go ttangadar na ríghthe súas do throid na naghaidh, do chruinnigheadar an mheid re ttáinic arm iomchar, agus ós a chionn, agus do sheasadar ar an leithimiol.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Nuair a chuala Móáb go léir go raibh na ríthe tagtha aníos ag cur catha orthu, cuireadh tionól ar gach duine a bhí in ann arm a iompar idir óg is aosta, agus cuireadh in eagar catha iad ar an teorainn.