2 Kings 3:25 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do bhriseadar síos na caithreacha, agus ar gach uile phíosa mhaith fhearuinn do chaith gach éanduine a chloch, gur líonadar é; agus do stopadar a nuile thobar uisge, agus do ghearradar na croinn mhaithe uile: amháin ann Cirharaset dfágbhadar a clocha; acht cheana do chúadar luchd na ccránn ttábhuill na ttimchioll, agus do bhuáileadar í.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Scartáil siad na cathracha agus chaith gach fear cloch isteach i ngach gort fónta á líonadh, agus dhúnadar gach tobar fíoruisce agus leagadar gach crann folláin. Chreachadar Móáb go dtí nach raibh fágtha i gCír Harasat ach na clocha agus rinne an lucht diúraicthe é a thimpeallú agus a ghabháil.