2 Kings 4:40 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ann sin do liónadar amach do na daoinibh re a ithe. Agus tárla, a núair do bhádar ag ithe na praisigh, gur éigheadar, agus go ndubhradar, O a óglaich Dé, atá bás annsa bpotá. Agus níor fhéadadar ithe.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ansin scaoileadar an phraiseach amach do na fir le hithe, ach a luaithe a bhlaiseadar í, liúdar: «A ghiolla Dé, tá an bás sa choire,» agus níorbh fhéidir leo é a ithe.