2 Kings 4:42 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
¶ Agus tháinic duine ó Bhaal‐salisa, agus thug chum óglaich Dé arán do na céad tórthaibh, fithche builín eórna, agus déusa iomlán arbha iona ccáithleach féin. Agus a dubhairt seision, Tabhair do na daoinibh, go nithid.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Tháinig fear ó Bhál Seáiliseá agus thug leis chun giolla Dé arán a rinneadh de na céadtorthaí, fiche builín eorna agus arbhar úr [sa dias]. «Tabhair don phobal é le hithe,» arsa Eilíseá.