2 Kings 5:8 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
¶ Agus is amhluidh bhí, a nuáir do chúaluidh Elísa óglach Dé gur bhris rígh Israel a éadach, do chuir sé chum an rígh, gha rádh, Cred fár bhris tú héadach? tigeadh sé anois chugamsa, agus biáidh a fhios aige go bhfuil fáigh ann Israel.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ar a chloisteáil d' Eilíseá, giolla Dé, gur stróic rí Iosrael a chuid éadaigh, chuir sé scéala chun an rí: «Cad chuige ar stróic tú do chuid éadaigh? Lig dó teacht chugamsa, agus gheobhaidh sé amach go bhfuil fáidh in Iosrael.»