2 Kings 7:12 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
¶ Agus deirigh an rígh ann sa noidhche, agus a dubhairt re na shearbhfhoghantuibh, Taisbeanfuidh mé dhíbh anois cred do rinneadar na Sírianuigh oruinn. Ata a fhios aca go bhfuil ocras oruinne; uime sin do chúadar amach as an ccampa da bhfolach féin annsa machaire, dha rádh, A núair thiocfuid síad amach as a ccathruigh, béurumné orra beó, agus rachum a steach san ccathruigh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
D' éirigh an rí gan é fós ina lá agus dúirt lena fheidhmeannaigh: «Inseoidh mé daoibh cad tá déanta ag na hArámaigh orainn. Tá fhios acu go bhfuil an gorta ag luí orainn, agus dá bharr sin d' fhágadar an longfort agus chuadar i bhfolach faoin tír á rá leo féin: 'Nuair a thiocfaidh siad amach as an gcathair, déanfaimid iad a ghabháil ina mbeatha agus rachaimid isteach sa chathair.'»