2 Kings 7:16 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do chuáidh an pobal amach, agus do airgeadar lóistínigh na Sírianach. Iondus gur reacadh miosúr do phlúr fhínéalta ar shecel, agus dhá mhíosúr eórna air shecel, do reír bhréithre an TIGHEARNA.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ansin ghabh na daoine amach agus rinneadar longfort na nArámach a chreachadh. Bhí tomhas den phlúr is míne ar díol ar sheicil agus dhá thomhas eorna ar sheicil mar a dúirt an Tiarna a bheadh.