2 Kings 8:12 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus a dubhairt Hasael, Cred fa nguilionn mo thighearna? Agus do fhreagair seision, Do bhrígh go bhfuil a fhíos agum an tolc do dhéanas tusa do chloinn Israel: cuirfidh tú a ndaingneacha láidre tre theine, agus muirfidh tú a ndaoine óga leis an gcloidheamh, agus scriosfuidh tú a cclann, agus scoiltfidh tú a mná torrcha.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
«Cén fáth,» arsa Hazáéil, «go bhfuil mo thiarna ag gol?» D' fhreagair sé: «Mar go bhfuil a fhios agam an urchóid a dhéanfaidh tú do chlann Iosrael; cuirfidh tú a ndaingin trí thine, cuirfidh tú a n-ógánaigh chun báis le rinn claímh, stollfaidh tú a leanaí ina ngeireacha, agus scoiltfidh tú broinn a mban torrach.»