2 Kings 9:15 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Acht dfill an rígh Ióram dá leighios go Iesreel ó na cneadhaibh thugadar na Sírianuigh dhó, a nuáir do throid sé ré Hasael rígh na Síria.) Agus a dubhairt Iehu, Mas é so is inntinn daóibh, annsin ná himthigheadh éanduine agus na leigidh éanduine do dhul amach as an gcathraigh do rachadh da innisin an Iesreel.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
ach bhí Iórám tar éis filleadh go hIzréil le leigheas a fháil ar na créachtaí a thug na hArámaigh air nuair a bhí sé ag troid le Hazáéil rí Arám.) «Más mar sin a bhraitheann sibh,» arsa Iéahú, «ná héalaíodh aon duine ón gcathair leis an scéal a bhreith go hIzréil.»