2 Kings 9:25 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ann sin a dubhairt Iehu re Bidcar a chaiptín, Tóg suás, agus teilg é a bpoirsion fhearuinn Nábot an Tiesreeliteach: óir cuimhnigh, a nuáir do bhi misi agus tusa ag marcuigheachd a bhfochair a chéile a ndíaigh Ahab a athar, gur leag an TIGHEARNA an túalachsa air;
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Dúirt Iéahú le Bidcear a chaptaen: «Tóg é agus caith isteach i ngort Nábót an tIzréileach é. Cuimhnigh nuair a bhí tú féin agus mise ag marcaíocht le chéile ar chúl Acháb, a athair, gur fhógair an Tiarna an bhreith seo air: