2 Kings 9:5 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus a nuáir tháinic sé, feuch, do bhádar caiptinigh an tslóigh na suidhe; agus a dubhairt seision, Atá teachdaireachd agum chugad, a chaiptín. Agus a dubhairt Iehu, Cia aguinn dínn uile? agus a dubhairt seision, Atá chugadsa, a chaiptín.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
agus nuair a shroich sé, fuair sé oifigigh shinsearacha an airm ina suí le chéile. «Tá teachtaireacht agam duit, a thaoisigh,» ar sé. «Do cé acu againn go léir?» arsa Iéahú. «Duitse, a thaoisigh,» d' fhreagair sé.