2 Peter 1:12 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ar a nadhbharsa ní dhéuna mé faíllidhe ré bheith ag síorchuir na neitheannsa a gcuimhne dhíbh, bíodh go bhfuil sibh iúlmhar, agus daingean sa bhfírinne atá a lathair.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Ar an adhbhar sin leanfad‐sa i gcómhnaidhe de bheith ag cur na neithe seo i gcuimhne dhaoibh, bíodh go bhfuil eolas agaibh ortha, agus go bhfuil sibh suidhte go daingean san bhfírinne atá anois ann.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Dá bhrí sin de, tá rún agam na nithe seo a chur i gcuimhne daoibh go síor, siúd is gurb eol daoibh iad agus go bhfuil sibh suite ina bhfuil agaibh den fhírinne.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Tá sé ar intinn agam, dá bhrí sin, a bheith ag cur na nithe seo de shíor i gcuimhne daoibh, cé go bhfuil sibh eolach orthu agus go bhfuil sibh daingnithe san fhírinne atá agaibh.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Tá sé ar intinn agam, dá bhrí sin, a bheith ag cur na nithe seo de shíor i gcuimhne daoibh, cé go bhfuil sibh eolach orthu agus go bhfuil sibh daingnithe sa bhfírinne atá agaibh.