2 Peter 1:17 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oír fuáir sé onóir agus glóir ó Dhía Athar, an tan tháinic a shamhuil so do ghúth chuige ón nglóir mhórghasin, Ag so mo Mhac grádhachsa, ann a bhfuil mo dheaghthoil.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Óir fuair sé onóir agus glóir ó Dhia an tAthair, go dtáinig an guth chuige as lár na glóire mór‐thaidhbhsighe, Is é seo mo Mhac ionmhain ’n‐a bhfuil mo mhór‐aoibhneas:
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Mar nuair a ghlac sé onóir agus glóir ó Dhia an tAthair agus nuair a tháinig glór na Glóire is airde chuige, “Is é seo mo mhac ionúin, a bhfuil mo thaitneamh ann,”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Fuair sé glóir agus onóir ó Dhia an tAthair nuair a seoladh a leithéid seo de ghuth anuas chuige ón Ghlóir Mhaorga: «Is é seo mo Mhac muirneach dár thug mé gnaoi.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Fuair sé glóir agus onóir ó Dhia, an tAthair, nuair a seoladh a leithéid seo de ghuth anuas chuige ón Ghlóir Mhaorga: “Is é seo mo Mhac muirneach dár thug mé gnaoi.”