2 Peter 1:3 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Mar do thioghluic a chúmhachd díaghasan na huile neithe dhuinne bheanas ré beatha agus ré díaghachd, tré eólas an tí do ghoir sinn chum glóire agus súbhailce:
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
ó tárla gur bhronn a chumhacht diadha gach éinnidh atá riachtanach do’n bheathaidh agus do’n diadhacht orainn, tré eolas an té do ghlaodh tré n‐a ghlóir agus tré n‐a shubháilce féin sinn;
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Bhronn a chumhacht dhiaga orainn gach uile ní a bhaineas le beatha agus le cráifeacht, tríd an eolas atá againn ar an té sin a thug cuireadh dúinn chun a ghlóire agus a shuáilce féin,
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Dháil a chumhacht dhiaga orainn gach a mbaineann leis an mbeatha agus leis an gcráifeacht de bharr aithne a chur airsean a ghlaoigh orainn chun a ghlóire agus a mhórgachta;
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Dháil a chumhacht dhiaga orainn gach a mbaineann leis an mbeatha agus leis an gcráifeacht de bharr aithne a chur air-sean a ghlaoigh orainn chun a ghlóire agus a mhórgachta;