2 Peter 2:1 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do bhádar mar an gcéudna fáidhe fallsa a measg an phobuil, amhuil bhías fós luchd teaguisg fallsa eadruibhse, noch bhéurus a steach ós íseal eireceachd dhamnuighthe, agus shéunfás an Tíghearna do cheannuigh íad, ag tarruing sgreasda obuinn orrtha féin.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht d’éirigh fáidhe bréige i measc an phobail, agus béidh lucht teagaisc bhréige ’n‐bhur measc‐na, leis, daoine bhéarfas isteach siosmaí millteacha, ag séanadh an Mháighistir féin do cheannuigh iad, ag tarraing scriosta obainn ortha féin.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach is é rud, dʼéirigh fáithe bréige i mease an phobail, agus ar an nós céanna beidh teagascóirí bréige in bhur mease, agus saobhtheagasc scriosta á thabhairt isteach acu, agus go fiú iad ag séanadh an mháistir a cheannaigh iad, agus ag tarraingt scrios tobann orthu féin.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ach tharla fáithe bréige freisin i measc an phobail, faoi mar atá oidí bréige chomh maith in bhur meascsa; déanfaidh siadsan tuairimí díobhálacha a thabhairt isteach go cealgach agus séanfaidh siad fiú an máistir a cheannaigh iad, agus tabharfaidh siad drochíde sa mhullach orthu féin go tobann.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ach tharla fáithe bréige freisin i measc an phobail, faoi mar atá oidí bréige chomh maith in bhur measc-sa; déanfaidh siad-san tuairimí díobhálacha a thabhairt isteach go cealgach agus séanfaidh siad fiú an mháistir a cheannaigh iad, agus tabharfaidh siad droch-íde sa mhullach orthu féin go tobann.