2 Peter 2:10 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus go mórmhór an dream leanus ainmhíana na colla a neamhghloine, agus do bheir neimhchion ar úachdaránachd. Ar mbeith dhóibh andána, lán asda féin, ní bhíonn faitcheas ortha fá anchaint do dhéunamh ar an luchd atá a gcúmhachduibh árda.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
iad‐san go mór‐mhór chleachtas droch‐mhianta na colna, le h‐andúil i neamh‐ghlaine, agus do‐bheir droch‐mheas ar smhacht. Daoine ceanndána, antoileacha, ní h‐eagal leo masla do thabhairt do’n tsluagh glórmhar:
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
agus go háirithe an dream a ghéilleas dʼainmhianta na colainne agus a bhíos beag beann ar a mbíonn i geeannas os a gcionn. Is iad atá ceanndána neamheaglach, nach mbíonn eagla orthu aithis a thabhairt do lucht na glóire,
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ní eagal leis an dream ceanndána borb seo masla a thabhairt [d' aingil] na glóire; go háirithe iad siúd a dhéanann iad féin a iompar de réir na colainne in ainmhianta truaillithe, agus gan ach drochmheas acu ar an údarás.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
go háirithe iad siúd a dhéanann iad féin a iompar de réir na colainne in ainmhianta truaillithe, agus gan ach droch-mheas acu ar an údarás. Ní eagal leis an dream ceanndána borb seo masla a thabhairt dʼaingil na glóire;