2 Peter 2:13 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do ghéubhuid síad túarasdal na héugcora, mar an druing mheasas gur sáimhe sógh gach láoi. Buill cháidheachda shalcha, bhíos lán dfonn ann a mealltóireachd féin an tan bhíd bhur bhfochair ar fhéusduidhibh;
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
agus do‐gheobhaidh siad tuarastal a gcuirptheachta. Is geal leo mar phléisiúr bheith ag dreabhlas i lár an lae; dream salach, máchaileach, iad go scléipeach ’n‐a bhféastaibh grádha, ag caitheamh fléidhe dhóibh ’n‐bhur gcuideachtain.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
agus tiocfaidh a n-olc féin orthu a rinne an t-olc. Is é a mian bheith ag ragairne faoi sholas an lae ghil. Níl iontu ach máchailí agus mídhealbha a mbíonn dúil acu i ndrabhlás ag comhól libh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
agus iompróidh siad urchóid mar luach saothair a n-urchóide. Is geal leo an drabhlás sa lá; máchailí agus smáil iad ag ragarnaíl ina gcollaíocht agus ag carús libh.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
agus iompróidh siad urchóid mar luach saothair a n-urchóide. Is geal leo an drabhlás sa lá; máchailí agus smáil iad ag ragarnaíl ina gcollaíocht agus ag carbhas libh.