2 Peter 2:14 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agá bhfuilid súile lán dadhaltrannas, agus nach bhfeudann sgur do pheacadh; ag mealladh na nanmann neimhsheasmhach: agá bhfuilid cróidhthe do bheir íad féin do ghnáth do shaint; clann na mallachd:
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Atá súile lán d’adhaltrannas aca, súile nach scurann de’n pheacadh; ag mealladh na n‐anmann neamh‐sheasmhach; agus atá a gcroidheacha cleachta ar an sainnt;
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Bíonn súile adhaltracha acu nach bhfaigheann a sá de pheaca. Meallann siad gach aigne ghuagach. Is í an tsaint leannán a gcroíthe. Mic mhallachta iad
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Tá a súile lán d' adhaltranas, doshásta le peacaí; bíonn siad ag mealladh anamacha corrthónacha, agus a gcroí cleachtaithe ar an tsaint. Clann na mallachta!
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Tá a súile lán dʼadhaltranas, doshásta le peacaí; bíonn siad ag mealladh anamacha corrthónacha, agus a gcroí cleachta ar an tsaint. Clann na mallachta!