2 Peter 2:15 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Noch do sheachuin an tslighe dhíreach, agus do chuáidh ar seachrán, ag leanmhuin luirg Bhálaaim mhic Bósoir, noch tug grádh do thúarusdal na héugcóra;
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
mic mallachtan is eadh iad. Ag tréigean na slighe dírighe dhóibh, do chuadar ar seachrán, ag leanamhain luirg Bhálaam mhic Bhosóir, do chuir dúil i dtuarastal na h‐éagcóra;
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
a dʼimigh ar seachrán slí ón gcosán ceart; a lean bealach Bháláim mac Bheoir, a mbíodh grá aige dʼairgead lochtach,
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Thréig siad an bealach díreach agus chuaigh siad ar seachrán; lean siad bealach Bhalám ó Bhosor, a bhí ceanúil ar bhrabús an oilc;
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Thréig siad an bealach díreach agus chuaigh siad ar seachrán; lean siad bealach Bhalám ó Bhósar, a bhí ceanúil ar bhrabús an oilc;