2 Peter 2:18 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oír ar mbeith dhóibh ag labhairt bhríathar uáibhreach gan éifeachd, mealluid síad ré hainmhíanuibh macnusacha na colla, an dream do dhealuigh beagán ré luchd an tseachráin do leanmhuin.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Óir, ag labhairt do mórdhálach as baoth‐chainnt dóibh, bréagaid le h‐ainmhiantaibh na colna, le fonn macnais, na daoine atá ag éalódh ó’n dream atá ag siubhal ar mearbhall:
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Mar is iad a bhíos ag baothmhaíomh go hard, agus ag mealladh leo le hainmhianta na colainne an dream úd a dʼéalaigh nach mór ó lucht na hearráide.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Óir, le hainmhianta drabhlásacha collaí, bíonn siad ag mealladh na ndaoine d' éalaigh le déanaí ón muintir atá ag caitheamh a saoil ar seachrán, lena ngártha bladhmannacha baoise.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Óir, le hainmhianta drabhlásacha collaí, bíonn siad ag mealladh na ndaoine a mʼéalaigh le déanaí ón muintir atá ag caitheamh a saoil ar seachrán, lena ngártha bladhmannacha baoise.