2 Peter 2:20 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oír tar éis dealuighe dhóibh ré neamhghloine an tsáoghailse tré eólas an Tighearna agus an Tslanaightheóra Iósa Críosd, dá gcraiplighthear íad a rís innte, ar na sárughadh, as measa a gcríoch dheígheanach ná a dtosach.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Óir, tar a éis dóibh teacht saor ó thruailliú an tsaoghail tré eolas an Tighearna, agus an tSlánuightheora Íosa Críost, má greamuightear iad ann arís agus má buaidhtear ortha, is measa a staid deiridh ’ná a gcéad staid.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Má tháinig siad slán ó thruailleachtaí an tsaoil, tri eolas ár dTiarna agus ár Slánaitheora Íosa Críost, agus má cheaptar agus má chloítear leo arís iad, is measa a ndeireadh ná a dtús.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Tar éis dóibh éalú ó thruaillitheachtaí an tsaoil trína n-aithne ar ár dTiarna agus ár Slánaitheoir Íosa Críost, má théann siad in achrann arís iontu, agus go sáraítear iad, is measa an scéal acu go deireanach ná mar a bhí ar dtús.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)