2 Peter 2:3 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus tré shaínt béid dá bhur nimcheannuigheachd maille ré bríathruibh blasda; dream dhár cinneadh fada ó shin damnughadh nách dtéid a shíneadhm agus ní ghabhann codladh an sgrios thiucfus orrtha.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus le sainnt déanfaidh siad adhbhar ceannaidheachta dhíbh le briathraibh mealltacha: dream go bhfuil a mbreitheamhnas le tamall fada anois ag teannadh leo, agus nach bhfuil a scrios ag fanamhain fá shuan.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus tabharfaidh a saint orthu bheith ag breith buntáiste asaibh le briathra bréige; ach le fada an lá tá a ndaorbhreith lándúisithe, agus a scrios gan bheith ina shuan.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Le teann sainte tiocfaidh siad i dtír oraibh le briathra éithigh. Ach tá an daorbhreith orthu siúd á hullmhú ó anallód agus níl codladh ag dul ar a ndrochíde.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Le teann sainte tiocfaidh siad i dtír oraibh le briathra éithigh. Ach tá an daorbhreith orthu siúd dá hullmhú ó anallód agus níl codladh ag dul ar a ndroch-íde.