2 Peter 2:4 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oír munar choigil Día na haingil do pheacuidh, achd ar na dteilgean síos go hifrionn dó, go dtug íad do shlabhraidhibh an dorchaduis chum a gcongmhála ris an mbreitheamhnus;
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Óir munar spáráil Dia na h‐aingle féin nuair do rinneadar peacadh, acht gur theilg sé síos go Tartarus iad, agus gur chuir sé go h‐uachaisibh dorchachta iad, chum iad do chongbháil fá chómhair an bhreitheamhnais;
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Mar más rud é nár spáráil Dia na haingil nuair a rinne siad peaca, ach á gcur go hifreann agus á dtaisceadh i bpoill dhoimhne an dorchadais go dtí an breithiúnas;
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Murar lig Dia leis na haingil nuair a pheacaigh siad, ach iad a chartadh síos go hifreann agus a thabhairt suas do na pluaiseanna gruama laistíos le coinneáil go lá an bhrátha;
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Murar lig Dia leis na haingil nuair a pheacaigh siad, ach iad a chartadh síos go hIfreann agus a thabhairt suas do na pluaiseanna gruama laistíos le coinneáil go lá an bhrátha;