2 Peter 2:5 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus monar choigil sé an seandomhan, achd gur sháor sé Náoi an tochdmhadh pearsa, seanmóntuighe na fíréuntachda, ar dtabhairt na díleann dó ar a ndomhan na ndáoineadh neimhdhíagha;
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
agus munar spáráil sé an sean‐domhan, acht gur shaor sé Naoi, bollscaire fíréan, mar aon le h‐ochtar eile, nuair thug sé díle ar dhomhan na neimh‐fhíréan:
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
agus mura spáráil sé an seansaol, ach gur chaomhnaigh sé Naoi, fógróir na fíréantachta, é féin agus seachtar duine leis, nuair a thug sé an díle bháite thar an domhan droch-dhaoineach;
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
murar lig sé leis an domhan fadó ach gur chumhdaigh sé Naoi, callaire na fíréantachta, mar aon le seachtar eile, nuair a scaoil sé díle ar dhomhan na n-éagráifeach;
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
murar lig sé leis an domhan fadó ach gur chumhdaigh sé Naoi, callaire na fíréantachta, mar aon le seachtar eile, nuair a scaoil sé díle ar dhomhan na n-éagráifeach;