2 Peter 2:6 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ag déunamh luáithridh do chaithreachuibh Shoduim agus Ghomorra do dhamnuigh sé íad maille ré na sgrios, ar na ndéunamh na neisiompláir don druing do chaithfeadh a mbeatha go neimhdhíagha;
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
agus ag déanamh luaithreáin de chathrachaibh Shodoim agus Ghomorra, gur dhaor sé chum léirscriosta iad, ag déanamh sompla dhíobh dhóibh‐sean do chaithfeadh saoghal neimh‐dhiadha ’n‐a dhiaidh sin;
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
agus má rinne sé luaith de chathracha Shodóim agus Ghomora agus má thug breith a scriosta orthu le bheith ina sampla ar a raibh i ndán do lucht an oilc;
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
má rinne sé luaithreach de chathracha Shodom agus Ghomorá agus iad a dhaoradh chun a scriosta mar shampla don mhuintir a bheadh ar tí a bheith éagráifeach;
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
má rinne sé luaithreach de chathracha Shodam agus Ghomóra agus iad a dhaoradh chun a scriosta mar shampla don mhuintir a bheadh ar tí a bheith éagráifeach;