2 Peter 3:12 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Maille ré bheith dhíbh ag fuireach agus ag déunamh deithnis ré lá Dé theachd, ann a sgáoilfighthear neamh ó cheile, ar mbeith dhó tré theinidh, agus ann a mbéid na duile ag leaghadh ré teas?
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
ag fuireach daoibh, agus sibh go dúthrachtach fá chómhair lae Dé, ’n‐a scriosfar na spéartha le tóiteán teineadh, agus ’n‐a leaghfar na dúla le dian‐teas loiscneach?
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
ag fanacht agus ag cur dlúis le teacht lá Dé, nuair a lasfar agus leáfar na neamha, agus a choscrófar na dúile dá barr?
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
agus sibh ag feitheamh le teacht lá Dé, agus á bhrostú! tríd sin déanfar na spéartha a scriosadh le tine, agus na dúile a leá le teas.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
agus sibh ag feitheamh le teacht lá Dé, agus dá bhrostú? Tríd sin a dhéanfar na spéartha a scriosadh le tine, agus na dúile a leá le teas.