2 Peter 3:16 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Amhuil fós ann a éipisdlibh uile, ag labhairt ionntadh ar na neithibhse; an a bhfuilid neithe áiridhe atá dothuigsighe, noch iompoighid an dream neamhfhoghlomtha neimsheasmhach ón gcéill dhírigh, amhuil do níd an chuid eile do na sgrioptúruibh mar an gcéudna, chum a ndamnuighthe féin.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
mar scríobhann sé, leis, ’n‐a eipistilibh uile; ’n‐a bhfuil neithe gur deacair a dtuigsin, go gclaonann daoine gan foghlaim, gan seasmhacht a gciall, mar chlaonann siad ciall na scrioptúir eile, chómh maith, chum a n‐aimhleasa féin.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
ag tagairt dó sin mar a dhéanann sé ina litreacha uile. Tá nithe dothuigthe iontu, a ndéanann lucht an ain-eolais agus na guagachta a chlaonadh chun a scriosta féin, mar a dhéanann siad leis an gcuid eile den scrioptúr.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
agus labhair sé ar an ábhar seo faoi mar a dhéanann ina litreacha go léir. Tá nithe áirithe deacair le tuiscint sna litreacha céanna agus déanann lucht aineolais agus místuamachta iad a lúbadh chun a léirscriosta féin faoi mar a dhéanann siad leis na scrioptúir eile.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
agus labhair sé ar an ábhar seo faoi mar a dhéanann ina litreacha go léir. Tá nithe áirithe deacair le tuiscint sna litreacha céanna agus déanann lucht aineolais agus místuamachta iad a lúbadh chun a léir-scrios ta féin faoi mar a dhéanann siad leis na scrioptúir eile.