2 Peter 3:17 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ar a nádhbharsin, a chaired, ó atá fios aguibh roimh láimh, tuguidh aire ribh, deagla ar mbeith meallta ré seachrán na druinge neimhdhíagha sin, go dtuitfeadh sibh ó bhur ndiongmhaltachd féin.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
D’á bhrigh sin, a cháirde, ó’s eol daoibh an méid seo roimh ré, bidhidh ar bhur n‐aire, ar eagla go scuabfaidhe sibh le mearbhall na gcuirptheach, agus go dtuitfeadh sibh ó n‐bhur seasmhacht féin.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ó tá a fhios sin agaibh roimh ré, a lucht na páirte, seachnaígí, ar eagla go gcartfar ar shiúl sibh le hearráid lucht éagráif-eachta agus go gcuirfear de bhur mboinn sibh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ós rud é go bhfuil seo ar eolas agaibh roimh ré, a chairde cléibh, féachaigí chuige nach scuabfar de bhur mbonna sibh le hearráid lucht coirpeachta agus bhur ndaingne a chailliúint.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ós rud é go bhfuil seo ar eolas agaibh roimh ré, a chairde cléibh, féachaigí chuige nach scuabfar de bhur mbonna sibh le hearráid lucht coirpeachta agus bhur ndaingne a chailliúint.