2 Peter 3:2 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ionnus go mbíadh cuimhne aguibh air na bríathruibh do labhradar na fáidhe náomhtha roimhe so, agus air a náithne tugamairne absdail an Tíghearna agus an Tslánaightheóra uáinn:
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
chum go gcuimhneochaidh sibh ar na briathraibh do labhair na naomh‐fháidhe roimh ré, agus ar aithne an Tighearna agus an tSlánuightheora tré n‐bhur n‐abstalaibh:
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
chun go gcuimhní sibh ar thairngreachtaí na bhfáithe agus ar aitheanta an Tiarna agus an tSlánaitheora tri bhur n-aspail.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
go mbeadh cuimhne agaibh ar na ráitis a thug na fáithe beannaithe roimhe seo, agus ar aithne an Tiarna agus an tSlánaitheora a tugadh trí bhur n-aspail.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
go mbeidh cuimhne agaibh ar na ráitis a thug na fáithe beannaithe roimhe seo, agus ar aithne an Tiarna agus an tSlánaitheora a tugadh trí bhur n-aspail.