2 Peter 3:4 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus a déuruid, Ca háit a bhfuil geallamhuin a theachda? óir ón tráth fá ndeachadar na haithreacha dhéug, fanuid na huile neithe a néunsdaid ó thus an chrúthuighe.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
g‐á rádh, Cá bhfuil geallamhain a theachta? óir ó’n tráth ’n‐a bhfuair ár sinnsir bás, fanann an uile nidh mar bhí ó chéad‐chruthú an domhan.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
agus a déarfas “Cá bhfuil gealltanas a theachta? Mar ó thit a gcodladh ar ár sinsir, fanann gach ní mar a bhí ó thus cruthaithe na cruinne.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
agus á rá: «Cá bhfuil gealltanas a theachta? Mar ón am a ndeachaigh na hAithreacha chun suain maireann gach ní díreach mar a bhí siad ó thús na cruthaíochta.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
agus dá rá: “Cá bhfuil gealltanas a theachta? Mar ón am a ndeachaigh na hAithreacha chun suain maireann gach ní díreach mar a bhí siad ó thús an chruthaithe.”