2 Samuel 10:14 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus a núair do chonncadar clann Ammon gur theitheadar na Sírianuigh, ansin do theitheadarsan mar an gcéadna roimhe Abisai, agus do chúadar a steach san chathruigh. Mar sin dfill Ióab ó chloinn Ammon, agus tháinic sé go Hierusalem.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Nuair a chonaic na hAmónaigh gur theith na hAramaeigh theitheadar féin mar an gcéanna ó Aibísí agus isteach leo sa chathair. D' fhill Ióáb ansin ón gcogadh in aghaidh na nAmónach agus tháinig ar ais go Iarúsailéim.