2 Samuel 10:19 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus a nuáir do choncadar na ríghthe uile do bhí na serbhiseachaibh ag Hadareser, gur buaileadh íad féin roimhe Israel, do rinneadar síothchaín ré Hisrael, agus do rinneadar serbhis dóibh. Mar sin dob eaguil leis na Sírianachaibh congnamh ar bith do thabhairt nios mó do chloinn Ammon.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Nuair a chonaic na ríthe go léir a thug géillsine do Hadad Eizir go raibh buaite orthu ag Iosrael, rinneadar síocháin le hIosrael, agus ghéilleadar dóibh. B' eagal leis na hAramaeigh cabhrú leis na hAmónaigh a thuilleadh.