2 Samuel 11:2 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
¶ Agus tárla a naimsir an trathnoná, gur éirigh Dáibhi as a leabuidh, agus go raibh ag spaisdeórachd an úachdar thighe an rígh: agus ó mhullach an tighe do chonairc sé bean dhá nighe féin; agus do bhí an bhean roscíamhach re féachuinn uirre.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ardtráthnóna agus Dáiví ag spaisteoireacht ar dhíon an pháláis tar éis éirí óna leaba dó, tharla go bhfaca sé ón díon bean a bhí á folcadh féin. Bhí an bhean an-dathúil.