2 Samuel 12:18 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus tárla an seachdmhadh la, go bhfuáir an leanamh bás. Agus do bhí eagla ar mhuinntir Dáibhi a innisin dó go bhfuáir an léanamh bás: óir a dubhradar, Féuch, an fad do bhí an leanamh fós beó, do labhramar ris, agus níor éist sé ar nguth: ga mhéid marsin chráídhfeas sé é féin, ma innseamuid dó go bhfuair an leanamh bás?
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ar an seachtú lá, fuair an leanbh bás. Bhí eagla ar fheidhmeannaigh Dháiví a insint dó go raibh an leanbh marbh. «Fad a bhí an leanbh beo,» ar siad, «bhímis ag áiteamh leis, ach ní éistfeadh sé linn. Conas, más ea, a d' fhéadfaimis a rá leis go bhfuil an leanbh marbh? B' fhéidir go ndéanfadh sé díobháil éigin dó féin.»