2 Samuel 12:30 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do bhean sé coróin a rígh dhá cheann, (bá hé a comhthrom tallann óir maille ris na clochaibh búadha): agus do cuireadh ar cheann Dháibhi í. Agus thug sé leis amach éadáil na caithreach a níomarcuigh mhóir.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ansin bhain sé an choróin de cheann a rí; bhí tallann óir de mheáchan inti; bhí cloch luachmhar suite inti agus cuireadh ar cheann Dháiví í. Thug sé leis creach mhór amach as an gcathair.