2 Samuel 12:4 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus tháinic fear sligheadh chum an duine shaidhbhir, agus do choigil sé buáin re na thréud féin, no re na ealbha féin, do dheasúghadh neithe don noidhe noch tháinic chuige; achd do ghábh sé úan an duine bhoichd, agus do dheasuigh é don duine tháinic chuige.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Nuair a tháinig taistealaí ag lorg lóistín, níorbh áil leis an bhfear saibhir an strainséir a bhí tagtha chuige a chothú as a thréada agus as a tháinte féin, ach ina ionad sin rug sé ar uan an bhochtáin agus d' ullmhaigh é mar bhéile dá chuairteoir.»