2 Samuel 13:5 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus a dubhairt Ionadab ris, Luidh síos ar do leabuidh, léig ort féin bheith tinn: agus a nuáir thiocfas hathair dot fhéachuin, abair ris, Guidhim thú, tigeadh mo dheirbhshíur Támar, agus túgadh sí bíadh dhamh, agus deasuigheadh sí an bíadh am radharc féin, chor go bhfaicinn, agus go nithinn é as a láimh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Dúirt Iónádáb leis: «Luigh síos ar do leaba agus lig ort go bhfuil tú tinn. Nuair a thiocfaidh d' athair ar cuairt chugat abair: 'Tagadh mo dheirfiúr Támár agus tugadh sí rud éigin le hithe dom, déanadh sí an bia a ullmhú os comhair mo shúl le go bhfeicfinn é, agus go n-íosfainn é as a láimh.'»