2 Samuel 13:6 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
¶ Mar sin do luidh Amnon síos, agus do léig sé air féin a bheith tinn: agus a nuáir tháinic an rígh dá fhéachuinn, a dubhairt Amnon ris an rígh, Guidhim thú, tigeadh Támar mo dhearbhshíur, agus déanadh sí cúpla bairghin damh am radharc féin, go nithin ní as a láimh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Luigh Amnón síos dá bhrí sin agus lig sé air a bheith tinn. Nuair a tháinig an rí ar a thuairisc, dúirt Amnón leis an rí: «Tagadh mo dheirfiúr Támár agus déanadh sí cáca nó dhó os mo chomhair le go n-íosfainn as a láimh.»