2 Samuel 14:32 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do fhreagair Absolon Ióab, Féuch, do chuir misi fios ort dha rádh, Tárr annso, go gcuiridh mé chum an rígh thú, dhá rádh, Cred fá ttáinic mé ó Ghésur? do bfearr dhamh gurob ann sin do bhéinn fós: anois air a nadhbharsin faicim gnúis an rígh; agus matá coir ar bith orum, marbhadh sé mé.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
D' fhreagair Aibseálóm á rá le Ióáb: «Féach, chuir mé scéala chugat: 'Tar anseo chugam d' fhonn go gcuirfidh mé thú go dtí an rí leis an teachtaireacht seo: Cén fáth ar tháinig mé ar ais ó Ghisiúr? B' fhearr dom a bheith ann fós! Lig dom anois dul isteach i láthair an rí; má táim ciontach, cuireadh sé chun báis mé.'»