2 Samuel 14:33 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ann sin tháinic Ióab chum an rígh, agus dinnis sé sin dó: agus an tan do ghoir se ar Absolon, tháinic sé chum an rígh, agus do léig sé é féin síos ar aghaidh go talumh as coinne an rígh: agus do phóg an rígh Absolon.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Chuaigh Ióáb chuig an rí agus thug an teachtaireacht dó. Chuir seisean fios ar Aibseálóm agus tháinig sé go dtí an rí, chrom go talamh ina láthair agus chaith é féin ar a bhéal os a chomhair. Agus thug an rí póg d' Aibseálóm.